Site uses cookies to provide basic functionality.

OK
LUKE
Prev Up Next Toggle notes
Chapter 16
Luke IriODomh 16:1  Agus a dubhairt sé fós ré na dheisciobluibh, Do bhí duine saidhbhir áirighe ann, aga raibh sdíobhard; agus do rinneadh casasoid ris air, gur dhíomháil sé a mhaóin.
Luke IriODomh 16:2  Agus ar na ghairm chuige dho, a dubhairt sé ris, Créd é so do chluinim ort?
Luke IriODomh 16:3  Agus a dubhairt an sdíobhard ris féin, Créd do dhéana mé? óir atá mo thighearna ag buáin na sdíobhardachda dhióm; ní héidiir leam roghmhar do dheanamh: agus is nair leam déirc iarruidh.
Luke IriODomh 16:4  Atá a fhios agam créd do dhéana mé, ionnas, an tan cuirfightear as an sdíobhardachd me, go ngéubhuidh síad chucha mé dá dtighthibh féin.
Luke IriODomh 16:5  Agus ar ngairm gach aóin leith dar dhligh a thighearna fiacha, a dubhairt sé ris an gcéd fhear, Gá mhéad a dhligheas mo thighearna dhíot?
Luke IriODomh 16:6  Agus a seis ion, Céd miosúr ola. Agus a dubhairt seision ris, Gabh chugad do sgríbhina, agus suidh go lúath, agus sgríobh a deich agus dá fhithchead.
Luke IriODomh 16:7  Agus a dubhairt sé na dhiáigh sin ré duine eile, Créd dhlightear dhiotsa? Agus a dubhairt seision, Céad míosúr cruithneachda. Agus a dubhairt seision ris, Gabh chugad do sgríbhinn, agus sgriobh ceithre fithchid.
Luke IriODomh 16:8  Agus do mhol an tighearna sdíobhard na héugcóra, do bhrigh go ndearuidh sé ní glic: oír is glíoca clann an tsáoghailsi ná clann an tsolais iona gcinél féin.
Luke IriODomh 16:9  Agus a deirinsi ribh, Déanuidh cáirde dhibh féin lé sáidhbhreas na héagcóra; ionnus an tráth bhías uireasbhuibh oruibh, go nglacfuidh sibh ann a lóisdinibh siorruidhe.
Luke IriODomh 16:10  An tí atá ionnruic sa ní is lúgha ata sé ionnruic a móran; agus gidh bé atá éagcórach sa ní is lugha atá se éagcórach a mórán mar an gcéadna.
Luke IriODomh 16:11  Ar a nadhbharsin muna rabhabhairse fírinneacch ann sa tsaidhbhreas bhréagach, cia tháobhtas an saidhbhreas fírinneach ribh?
Luke IriODomh 16:12  Agus muna frioth ionnruic sibh a gcuid duine eile, cia bhearadh dhaóibh an ní is libh féin?
Luke IriODomh 16:13  Ní héidir le searbhfoghantuidhe ar bith seirbhis do dhéanamh do dhá thighearna: óir biáiddh fúath aige do neach aca, agus grádh don dara fear; nó ceangalfuidh sé do dhuine aca, agus do bhéara sé tarcuisne ar an dara fear. Ní héidir libh seirbhís do dhéanamh do dhía agus do Mhammon.
Luke IriODomh 16:14  Agus do Chúaladar fós, na Phairisnigh sanntacha, na neithesi uile: agus do rinniodar fonomhad faóision.
Luke IriODomh 16:15  Agus a dubhairt seision ríu, Is sibhsi an dream sháorus sibh féin a bhfíadhnuisi na ndaoine; achd is aithnid do Dia bhur griodhethe: óir an ní atá fá mhóirchion a bhfiádhnuisi na ndaóine atá sé gráineamhnil a bhfiádhnuisi Dé.
Luke IriODomh 16:16  Do bhí an reachd agus na faighe ann go teachd Eóin: ó shin a leith atá rioghachd Dé dhá shiosgéuluhadh, agus atá gach uile dhuine ag déanamh foiréigin air.
Luke IriODomh 16:17  Achd as usa neamh agus talamh do dhul thort, ná áonphunc don dligheaddh do thuitim.
Luke IriODomh 16:18  Gibh bé neach léigeas a bhean, agus phósus bean eile, do ní sé adhaltrannas: agus gidh bé bhéir an bheansin do leigeadh ó a do ní sé adhaltrannas.
Luke IriODomh 16:19  Achd do bhí duine saidhbhir áirgighe ann, agus is é bá héadach dhó purpuir agus sioda, agus do théigheaddh sé chum bídh go roshóghamhuil gach laói:
Luke IriODomh 16:20  Achd do bhí duine bochd áirgighe ann, dar Lás, do bhí na luidhe agá gheatasan, lán do chréachduibh,
Luke IriODomh 16:21  Agus ler mhían é féin do shásadh leis an sbruileach do thuiteadh do bhórd an duine saidbhir: agus do thigdís na madruidhe, agus do ligheas chréachda.
Luke IriODomh 16:22  Agus tárla, go bhfuair an duine bochd bás, agus gur iomchradar na haingil go huchd Abramham é: agus mar an gcéadna fuáir an duine saidhbhir bás, agus do hadhluiceadh é;
Luke IriODomh 16:23  Agus ar mbeith dhó a nifearn a bpíanuibh do thóg sé a shúile súas, agus do chunnairc sé Abraham a bhfád Uadh, agus Lasarus ann a uchd.
Luke IriODomh 16:24  Agus ar néimhghe dhósan an tansin a dubhairt sé, A athair Abraham, déana tócaire oram, agus cuir Lásarus do thumadh barr amheóir a nuisge, agus dfúaradh mo theangtha: óir ataim dom roiphíanadh an sa lasairsi.
Luke IriODomh 16:25  Achd a dubhairt Abraham, A mhic, cuimhnigh gur ghlac tusaneithe maithe le linn do bheith béo, agus Lásarus mar an gceadna droch neithe: achd atá sólas aigesion a nois dá fhágháil, agus atá tusa dod phíanadh.
Luke IriODomh 16:26  Agus do bhárr orrtha so uile, atá fodhomhain mhór ar na cur eadruinne agus sibhsi: ionnas nach Eidir leis na daóinibh lé budh mían é dul as so chugaibhsi: na teachd as sin, chuguinne.
Luke IriODomh 16:27  Agus a dubhairt seision, Maseadh, íarruim ort a athair, eision do chur go tigh matharsa:
Luke IriODomh 16:28  Oir atáid cúigear dearbhrathar agam; do thabhairt sgéul dóibh, ionnus nach dtiocfaidh siadsan mar an gcéadna ann sa nionadsa na péine.
Luke IriODomh 16:29  A deir Abraham ris, Atáid Maóisi agus na fáighe aca; éisdeadh síad riusan.
Luke IriODomh 16:30  Achd a dubhairt seísion, Ní hamhluidh atá, a athair Abraham: achd dá ndeachd duine ó na marbhuibh chuca, do dhéaindis aithrighe.
Luke IriODomh 16:31  Agus a dubhairt sé ris, Muna néisdidh siad ré Maóisi agus ris na fáighibh, dá néirgheadh duine ó mharbhuibh féin, ni chredidís dó.