LUKE
Chapter 19
Luke | IriODomh | 19:2 | Agus, féuch, do bhí duine áirighe ann dár bhainm Sachéus, do bhi na úachdarán air na publiocáin, agus do bhí sé saidhbhir. | |
Luke | IriODomh | 19:3 | Agus do bhí fonn air fhaicsin cia hé Iósa; agus níor bhéidir ris ón tslúagh, tré go raibh sér ísiol do phearsainn. | |
Luke | IriODomh | 19:4 | Agus ag rith roimhe dhó, do chuáidh sé súas a gcrann sicamor ionnus go bhfaicfeadh sé é: óir do bhi fáoi an tslighsin do ghabháil. | |
Luke | IriODomh | 19:5 | Agus an tan tháinic Iósa chum na háitesin, ar bhféachain súas dó, chúnnairc sé eision, agus a dubhairt sé ris, A Shachéus, tuirrling go deifreach; óir is ad thigh is éigin damhsa comhnuidhe dhéanamh a niu. | |
Luke | IriODomh | 19:6 | Agus ag deifriúghadh dhósan, do thuirrling sé, agus do ghabh sé chuige é go luáthgháireach. | |
Luke | IriODomh | 19:7 | Agus an tan do chunncadar cách uile so, do rinniodar munbhar, ag rádh, Go ndeáchaigh sé a sdeach air áoidheachd dionnsuighe peacthaich. | |
Luke | IriODomh | 19:8 | Agus ag seasamh do Shachéus, a dubhairt sé ris an Tighearna; Féuch, a Thighearna, do bheirim leath mo mháoine do na bochdaibh; agus má mbeall mé duine air bith a néinní, do bheirim dhó a cheithre oirid. | |
Luke | IriODomh | 19:9 | Agus a dubhairt Iósa ris, A niugh thárla sláinte don tighsi, do bhrígh do bhfuil seisean fós na mhac ag Abraham. | |
Luke | IriODomh | 19:10 | Oír tháinic Mac an duine diárruidh agus do shlánughadh an ní do chúaidh a mugha. | |
Luke | IriODomh | 19:11 | Agus ag éisdeachd dóibhsean leis so, do chuir sé leis agus a dubhairt sé cosamhlachd, tré go raibh sé láimh ré Hiarúsalem, agus gur sháoileadarsan nach fada go bhfoillseochtháoi rioghachd Dé. | |
Luke | IriODomh | 19:12 | Ar a nadhbharsin a dubhairt se, Do chúaidh duine uasal áirighe a régión imchían do ghabháil rioghachda dhó féin, agus dfilleadh air a ais. | |
Luke | IriODomh | 19:13 | Agus ar ngairm a dhéichneabhar searbhfhoghantuighe dhó, tug sé deich bpunta dhóibh, agus a dubahirt sé riú, Déunuidh gnothuigh nó go dtig mé. | |
Luke | IriODomh | 19:14 | Achd do bhí fúath ag luchd a chaithreach dhó, agus do chuireadar teachdaireachd na dhiáigh, ag rádh, Ní hail linn é so do ríoghadh oruinn. | |
Luke | IriODomh | 19:15 | Agus tárla, an tan do fhill sé, ar ngabháil na rioghachda chuige, gur nithin sé na searbhfhoghantaighe úd da dtug sé an tairgead, do ghairm chuige, ionnus go mbiadh a fhios aige créud do ghnodhuigh gách áon aca. | |
Luke | IriODomh | 19:16 | Agus táinic án céadduine, ag rádh A thighearna, do ghnodhuigh do phiosa deich bpiosa. | |
Luke | IriODomh | 19:17 | Agus a dubhaiort seision ris, Is maith sin, a shearbhfhoghantuighe mhait: óir do bhí tú firinneach ar bheagán, bíodh cumhachda agad ar dheich gcaithreachaibh. | |
Luke | IriODomh | 19:20 | Agus táinic fear eile chuige, ag rádh, A thighearna, féuch, do phiosa do bhí agamsa a ttaisgidh a naipcin: | |
Luke | IriODomh | 19:21 | Oír do bhi heaglasa oram, tré gnr duine foghruáma thú: tógbhuidh tú súas an ui nár chuir tú siós, agus beanuidh tí an ní nar shiólchuir tú. | |
Luke | IriODomh | 19:22 | A dubhairtsion ris, As do bhéul féin do bheir imbreith ort, a dhriochshearbhfhoghantaigh. Do bhí a fhios agad gur dhuine forghrúama misi, thogbhus súas an ni nach ar chuir mé siós, agus bheanas an ni nach ar shíochuir me: | |
Luke | IriODomh | 19:23 | Ar a nadhbharsin créd fá nar chuir tusa mo chuid airgid ann sa mbane, agus ar dteachd damhsa do thóigeubhuinn é maille lé biseach? | |
Luke | IriODomh | 19:24 | Agus a dubhairt sé ris an muinntir do bhi na seasamh, Tóguidh úadh an piósa, agus tabhruidh don té úd agá bhfuilid na deich bpiósa é. | |
Luke | IriODomh | 19:26 | Oír a deirin ribh, Gur ab do gach áon agá bhfuil do bhéarthar; agus an té ag nach bhfuil, beanfuighear dhe fós an ní atá aige. | |
Luke | IriODomh | 19:27 | Tabhruidh libh ann so, na naimhde úd agamsa, le nar bháill misi do rioghagh ós a gceann, agus marbhaidh am fiadhnuisi iad. | |
Luke | IriODomh | 19:29 | Agus tárla, an tan do dhruid sé lé Betpháge agus ré Betánia, láimh ris a tsliabh da ngoirthear slíabh na Noluidhe, gur chuir sé dias da dheisciobluibh úadh, | |
Luke | IriODomh | 19:30 | Ag rádh, Imthighidh don bhaile atá as bhur gcomhair; ar ndul a sdeach ann dáoibh do gheabhtháoi searrach ceangailte, ar na shuidh áon nduine riamh: sgáoilidh, agus tabhruidh libh é. | |
Luke | IriODomh | 19:31 | Agus dá bhfiafruidhe éin neach dhibh, Créd fa sgáoiltí é? is mar so a déartháoi ris, Ar son go bhfuil féidhm ag an Tighearna air. | |
Luke | IriODomh | 19:33 | Agus ar sgáoileadh an tsearraigh dhóibhsion, a dubhradar a thighearnuidhe riu, Créd fá sgáoiltí an searrach? | |
Luke | IriODomh | 19:35 | Agus rugadar léo é chum Iósa: agus ar dteilgean a mbrat ar a tséarrach, do chuireadar Iósa air. | |
Luke | IriODomh | 19:37 | Agus an tan do dhruid sé a bhogus, ré casaigh shléibhe na Noluidheadh, do thionnsgain an chuideacha dheisciobal uile go lúathgháireach Dia do mholadh do ghuth mhór ar son gach uile subhailcighe dá bhfacadur; | |
Luke | IriODomh | 19:38 | Ag rádh, Is beannaighe an Rí thig a nainm an Tighearna: sióthcháin ar neamh, agus glóir an sna bárduibh. | |
Luke | IriODomh | 19:39 | Agus a dubhradar Phairisinigh áirighe do tslúagh ris, A Maighisdir, tabhuir achmhusán dod dhéiscioblaibh. | |
Luke | IriODomh | 19:40 | Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé riu, A deirim ribh, má thochduid so, go néighfid na clocha féin. | |
Luke | IriODomh | 19:42 | Ag rádh, O dá naitheantá, ann sa lá agad féin fós, na neithe bheanas réd shiothcháin! achd atáid síad a nois foluighthe ód shúilibh. | |
Luke | IriODomh | 19:43 | Oír tiocfuid láethe ort, ann a dteilgfid do naimhde diog ad thimcheall, agus iona dtimchiollfaid, agus iona gcuibhreochaid thú gach éantáobh. | |
Luke | IriODomh | 19:44 | Agus do dhéanuid comhchothrom ris an dtalamh thú, agus do chlann ionnad a stigh; agus ní fhúigfid cloch ar miuin cloiche ionnad; tré nar aithin tú aimsear thfiosruighthe. | |
Luke | IriODomh | 19:45 | ¶ Agus ar ndol a sdeach don teampall dhó, do thionnsgain sé an dream do bhi ag reic, do thionnsgain cé an dream do bhi ag reic agus ag ceannach ann, do chur amach; | |
Luke | IriODomh | 19:46 | Ag rádh ríu, Atá sgriobhtha, Mo thighse is tigh urnuighe é; achd cheana do rinneabhairsi tuimighthe bhiothamhnach dhe. | |
Luke | IriODomh | 19:47 | ¶ Agus do bhíodh sé teagasg gach lá ann sa teampall. Agus díarradar úachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe agus cinn an phobuil eisíon do mharbhadh, | |