Site uses cookies to provide basic functionality.

OK
LUKE
Prev Up Next Toggle notes
Chapter 3
Luke IriODomh 3:1  Agus an-cuigeadh bliadhan déug dimpireachid Thibérius Séasar, ar mbeith do Phonsius Phioláid na úachdarán a ttir Iúdáighe, agus Ioruáith na théatrarc sa Ngalilé, agus Philip a dhearbhrathair na théatrarc air Ituréa agus air chrích Thrachonítis, agus Lísánias na thetrarch air Abiléne,
Luke IriODomh 3:2  An tan do bhí Annas agus Caiphás na nárdshagartuibh, tháinic bríathar Dé chum Eóin mhic Sacharías san bhfásach.
Luke IriODomh 3:3  Uime sin tháinic sé ar feadh na dúithche a dtimcheall Iórdan, ag seanmóir bhaisdigh na haithrighe chuin maithmbeachuis na bpeacadh;
Luke IriODomh 3:4  Mar a tá sgríobhtha a leabhar comhráidhteagh Esaías fáidh, a deir, Guth an té éighmheas ar an bhfásadh, Ullmhuighidh slighe an Tighearna, déanuidh a chasáin díreach.
Luke IriODomh 3:5  Líonfuidhear gach uile ghleann, agus ísleochthar gach uile sliabh agus chnoc; agus béid na neithe cama díreach, agus na slighthe garba mín;
Luke IriODomh 3:7  Uime sin a dubhairt sé rís a tslúagh tháinic a mach do chum go mbaisdfeadh seisean íad: A shliochd na naithreach neimhe, cía thug rabhadh dhaóibh teitheadh ón fheirg a tá ag teachd?
Luke IriODomh 3:8  Ar a nadhbharsin tabhraidh tórrtha bhus iomchubhaidh don naithrighe úaibh, agus ná tionsgnaidh a rádh ionnaibh féin, A tá Abraham na athair aguinn: oír a deirimsi ribh, Gur ab éidir lé Dia clann do dhúsachd as na clochmibhse féin D'abraham.
Luke IriODomh 3:9  Agus a tá an tuáigh a nois fós ar na cur chum fréimhe na gcrann: ar a nadhbharsin gach uile chrann nach dtabhair toradh maith gearrthar é, agus teilgthear sa teinidh é.
Luke IriODomh 3:10  Agus do fhíafruigh an slúagh nile dhe, ag rádh, Ar a nadhbharsin créud do dheunam?
Luke IriODomh 3:11  Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, An té agá bhfuil dá chóta, roinneadh ris an té ag nach bhfuil; agus gidh bé agá bhfuil bíadh, déanadh sé mar an gcéudna.
Luke IriODomh 3:12  Agus tangadar na puibliocáin mar an gcéudna ionnus go mbaisdfidhe íad, agus a dubhradar ris, A mhaighisdir, créud do dhéunáimné?
Luke IriODomh 3:13  Agus a dubhairt seision ríu, Na déunuidh ní sa mhó ná do horduigheadh dhaóibh.
Luke IriODomh 3:14  Agus do chuireadar na saighdiúirígh fós ceisd air, ag rádh, Agus créad do dhéunuimne? agus a dubhairt seisean ríu, Ná déunaidh foiréigean ar dhuine ar bith, agus ná hagraidh duine ar bith go heugcórach agus go madh lór libh bhur dtúarasdal féin.
Luke IriODomh 3:15  ¶ Agus ar mbeith ag feitheamh don phobal, agus ag smúainiughadh dhóibh uile an a gcroidhthibh a dtimcheall Eóin, nar bheisean Chríosd,
Luke IriODomh 3:16  Do fheagair Eóin, ag rádh ríu uile, Baisdeamsa sibh go deimhin lé huisge; achd a tá neach is nearthmhuire ná misi ag teachd, ag nach fiú mé íallach a bhróg do sgáoileadh: baisdfidh seision sibh leis an Spiorad Náomh agus lé teinidh:
Luke IriODomh 3:17  Aga bhfuil a chríathar an a láimh, agus glanfidh sé a urlár féin, agus cruinnéochuidh sé an chruithneachd dá sgiobol féin; achd loisgfidh sé an cháith lé teine nách eidir a mhúchadh.
Luke IriODomh 3:18  Agus ag teagasg mhóráin eile fós dó do mhinigh sé an siosgéul don phobal.
Luke IriODomh 3:19  ¶ Agus ar gcur an aghaidh Iórúaith an Téatrarca dhó, fá Heródias bean Philip a dhearbhrathar, agus fá gach uile olc dá ndearna Iorúaith,
Luke IriODomh 3:20  Do chuir sé so leis do bhárr ar gach ní, gur dhúin sé ar Eóin a bpríosún.
Luke IriODomh 3:21  ¶ Agus tárla, an tan do baisdeadh an pobal uile, agus do bhí Iósa agá bhalsdeadh, agus ag déanamh úrnaighthe, gur bosgladh neamh,
Luke IriODomh 3:22  Agus gur thuirrling an Spiorad Náomh a bhfioghair chorpardha mar cholum air, agus do dtáinic guth ó neamh, ag rádh, Is tú mo Mhac grádhachsa; is ionnadsa a tá mo dheaghthoil.
Luke IriODomh 3:23  ¶ Agus do bhí Iosa féin a dtimchioll a dheichmblíadhan fichead dáois, ar mbeith (do réir bhreathnuighthe na ndáoine) na mbac ag Ióseph, mhic Héli,
Luke IriODomh 3:24  Mhic Matthat, mhic Lébhi, mhic Melchi, mhic Ianna, mhic Ioseph,
Luke IriODomh 3:25  Mhic Matatías, mhic Amos, mhic Náum, mhic Esli, mhic Nagge,
Luke IriODomh 3:26  Mhic Máat, mhic Matatías, mhic Sémei, mhic Ióseph, mhic Iúda,
Luke IriODomh 3:27  Mhic Ioanna, mhic Résa, mhic Sorobábel, mhic Salatíel, mhic Néri,
Luke IriODomh 3:28  Mhic Melchí, mhic Addi, mhic Cósam, mhic Elmodam, mhic Er,
Luke IriODomh 3:29  Mhic Ióse, mhic Eliéser, mhic Iórim, mhic Matthat, mhic Lébhi,
Luke IriODomh 3:30  Mhic Siméon, mhic Iúda, mhic Ióseph, mhic Iónan, mhic Eliácim,
Luke IriODomh 3:31  Mhic Meléa, mhic Mainán, mhic Matata, mhic Nátan, mhic Dháibhi,
Luke IriODomh 3:32  Mhic Iessé, mhic Ohéd, mhic Boós, mhic Salmon, mhic Náasson,
Luke IriODomh 3:33  Mhic Aminadab, mhic Aram, mhic Esrom, mhic Pháres, mhic Iúdah,
Luke IriODomh 3:34  Mhic Iácob, mhic Isaac, mhic Abraham, mhic Tará, mhic Náchor,
Luke IriODomh 3:35  Mhic Sáruch, mhic Rágu, mhic Phálec, mhic Héber, mhic Salá
Luke IriODomh 3:36  Mhic Cáinan, mhic Arphcsad, mhic Sem, mhic Noé, mhic Lámedh,
Luke IriODomh 3:37  Mhic Matúsala, mhic Enoch, mhic Iáred, mhic Maleléel, mhic Cáinan,