Site uses cookies to provide basic functionality.

OK
LUKE
Prev Up Next Toggle notes
Chapter 22
Luke IriODomh 22:1  Agus do dhruid féasda a naráin gan laibhín riu, dá ngoirthear an Cháisg:
Luke IriODomh 22:2  Agus do bhí úachdarain na sagart agus na sgríobuidhe ag íarruidh cionnus do mhuirfidís eision; oir do bhí eagla an phobuil orrtha.
Luke IriODomh 22:3  ¶ Achd do chúaidh Satan a Níudas dar chomhainm Iscáiriot, do bhí no nuibhir an dá fhear dhéag.
Luke IriODomh 22:4  Agus ar nimtheachd amach dhé, do labhair sé ris na hárdsagartaibh agus ris na húachdaranuibh, cionnas do bhraithfeadh sé eision dhóibh.
Luke IriODomh 22:5  Agus do gabh lúathgháire íadsan, agus do rinneadar cunnradh ris airgead do thabhairt dó.
Luke IriODomh 22:6  Agus do gheall seision sin, agus díarr sé faill ar eision do bhrath dhóibh ab tan nach mbíadh an pobal a láthair.
Luke IriODomh 22:7  ¶ Achd táinic lá a naráin gan laíbhín, ann ar bhéigin an tuan cásg do mharbhadh.
Luke IriODomh 22:8  Agus do chuir Iósa Peadar and Eóin úadh, ag radh, Imthigh, agus ullmhuighidh dhuinn an túan cásg, do chum go níosamáois é.
Luke IriODomh 22:9  Achd a dubhradarsin ris, Cía a náit ann ar toil leachd sinn dá ullmhughadh?
Luke IriODomh 22:10  Agus a dubhairt sé ríu, Féuch, tar éis dul a sdeach sa chathraigh dháoibh, teigeamhuidh duine áirghe oruibh, ag iomchar shoighthigh uisge; leanaidh é don tigh iona racha sé a sdeach.
Luke IriODomh 22:11  Agus abruidh ré fear an tighe, A deir an Maighisdir riot, Cáit a bhfuil an Ióisdín, iona níosa mé an cháisg maille rem dheisciobhluibh?
Luke IriODomh 22:12  Agus taisbéanuigh seision dáoibh séomra mór uachtrach deaghmhaisioch: ullmhuighidh ann sin é.
Luke IriODomh 22:13  Agus ar nimtheachd dóibhsion, fuaradar mar a dubhairt seision riu: agus dullmhuigheadar an cháisg.
Luke IriODomh 22:14  Agus an tráth tháinic an tam, do shuidh sé síos, agus a dhá dheisciobal deg maille ris.
Luke IriODomh 22:15  Agus a dubhairt sé ríu, Do bhí fonn romhór oram an cháisgse do chaitheamh maille ribhsi suil fhuileongas mé:
Luke IriODomh 22:16  Oír a deirim ribh, Nach íosa mé dhe ní as mó, nó go gcoimhlíontar é a ríoghachd Dé.
Luke IriODomh 22:17  Agus ar ngabháil an chupáin chuige, ar mbreith buidheachais dó, a dubhairt sé, Glacaidh so, agus roinnidh eadruibh féin é.
Luke IriODomh 22:18  Oír a deirim ribh, Nach iobhta mé do thoradh na fineamhna, no go dtíg rioghachd Dé.
Luke IriODomh 22:19  ¶ Agus ar ngabháil a nárain chuíge, ar mbreith huidheachais dó, do bhris, agus tug sé dhóibhsean é, ag rádh, A sé so mo chorpsa do bhearthar áir bhur sonsa: déanuidh so mar chuimhne oramsa.
Luke IriODomh 22:20  Agus mar an gcéadna an cupán fós tar éis suipéir, ag rádh, A sé an cupánsa an tiomna núa ann mfhuilsi, dhóirtear ar bhar sonsa.
Luke IriODomh 22:21  ¶ Achd, féuch, lámh an té bhraitheas misi am fhochair ar an mbórd.
Luke IriODomh 22:22  Agus imthigidh Mac an duine go deimhin, do réir mar do hórduigheadh: gidheadh is mairg don duine úd lé mbraithtear é!
Luke IriODomh 22:23  Agus do thionnsgnadarsan a fhíafruigh eatarra féin, cía aca bhíadh ar tí so dheanamh.
Luke IriODomh 22:24  Agus fós déirghidh imreasain eatarra, cía aca measfuighthe bheith ní as mó.
Luke IriODomh 22:25  Achd a dubhairt seision ríu, Atá tíghearnas ag righthibh seision ríu, Atá tíghearnas ag righthibh na Geinidheach orrtha; agus an dream agá bhfuil cumhachda orrtha goirthear dáoine flaitheamhla dhíobh.
Luke IriODomh 22:26  Achd ní mar sin dáoibhse: achd an té as mó eadruibh, bhíodh sé mar an té is lugha; agus an té is áired eadruibh, mar an té do ní miniosdralachd.
Luke IriODomh 22:27  Oír cía aca is mó, an té shuigheas ar an mbórd, nó an tí friothólamh? a né nach é an té shuigheas ag bidh? achd atáimsi eadruibhse mar an té do ní friotholamh.
Luke IriODomh 22:28  Agus is sibhsi dfan am fhochairsi ann mo chathuighthibh.
Luke IriODomh 22:29  Ar a nadhbharsín órduighim dháoibhsi rioghachd, mar do órduigh Máthair féin damhsa;
Luke IriODomh 22:30  Ionnus go níosdáoi agus go níobhtháoi ar mó bhórdsa ann mo rioghachd féin, agus go suighfí ar chaithíreachaibh ag breith bhreithe ar dhá threibh dhéug Isráel.
Luke IriODomh 22:31  ¶ Agus a dubhairt an Tighearna, A Shímóin, a Síomóin, féuch, díarr Sátan sibhsi, le bhar gcáthadh mar chruithneachd:
Luke IriODomh 22:32  ¶ Agus do ghuidh misi air do shonsa, ionnus nach dtráoithfeadh do chreideamh: agus air bhfilleadh duitse, neartuigh do dhearbhraithreacha.
Luke IriODomh 22:33  Agus a dubhairt seision ris; A Thighearna atáim ullamh air bhul leachdsa, chum príosúin, agus chum báis leis.
Luke IriODomh 22:34  Achd a dubhairt séision, A deirim riot, a Pheadair, nach goirfe an coileach a níu, nó go séanna tú trí húaire go bhfuil aithne agad oramsa.
Luke IriODomh 22:35  ¶ Agus a dubhairt sé ríu, An tan do chuir mé úaim sibh fan sparán, ná mála, ná bróga, an raibh uireasbhuigh éin neithe oruibh? Agus a dubhrádarsan, Ní raibh.
Luke IriODomh 22:36  Ar a nadhbharsin a dubhairt sé ríu, Achd a nois, gidh bé agá bhfuil sparán tógbhadh sé é, agus a mhála mar an gcéadna: agus gidh bé ag nach bhfuil, reacadh sé a bhrat, agus ceannchadh sé cloidheamh.
Luke IriODomh 22:37  Oir a deirim ribh, Gur ab éigin fós an ní atá sgriobhtha do choimhlíonadh ionnamsa, Agus atá sé ar na chomháireamh a measg na ndáoine coirthéach: óir na neithe úd atá am thaoibhse atá deireadh aca:
Luke IriODomh 22:38  Achd a dubhradarsan, A Thighearna, féuch, dhá chloidheamh ann so. Achd a dubhaier seision ríu, Is lór sin.
Luke IriODomh 22:39  Agus ar nimtheachd amach dhó, do chúaidh sé, do réir a ghnáthuighthe, go slíabh na Noluidheadh; agus fós do leanadar a dheisciobuil é.
Luke IriODomh 22:40  Agus an tán tháinic sé chum na háite, a dubhairt sé ríu, Déanunidh urnuighe ionnus nach dteigeamhadh sibh a ccáthughadh.
Luke IriODomh 22:41  Agus do tairrngeadh eision úatha a dtimcheall urchair cloiche, agus agá léigean air a ghlúinibh, do rinne sé urnuighe,
Luke IriODomh 22:42  Ag rádh, A Athair, mas toil leachd, cuir an cupánsa thoram: ach cheana nar ab í mo thoilsi, achd do thoilsi, do dhéantar.
Luke IriODomh 22:43  Achd do taisbéanadh dhó aingeal ó neamh dá chomhfhurtachd.
Luke IriODomh 22:44  Agus ar mbeith a nanbhuain mhóir dhósan do rinne sé urnuighe ní as díthchiolluighe: agus do bhí a allas mar bhráona mora fola ag tuitim ar talamh.
Luke IriODomh 22:45  Agus an tan déirigh sé ó umuighe, tháinic sé chum a dheisciobal, agus fuair sé na gcodladh íad tré thuirsi,
Luke IriODomh 22:46  Agus a dubhairt sé rú, Créd fá gcodaltáoi? éirghidh agus déanuidh urnuighe, do chum nach dtuitfeadh sibh a gcathughadh.
Luke IriODomh 22:47  ¶ Agus ag labhairt dó fós, féuch an slúagh, agus an té dá ngoirthí Iúdas, áon don dá fhear déag, ag gabháil rompa, agus do dhruid sé ré Hiosa do thabhairt póige dhó.
Luke IriODomh 22:48  Agus a dubhairt Iósa ris, A Iúdais, an lé poig bhraithbeas tú Mac an duine?
Luke IriODomh 22:49  Agus an tan do chunncadar an dream do bhí ná thimcheallsan an ní do bhí ag teach, a dubhradar ris, A Thighcarna, an mbuáilfeam lé cloidheamh?
Luke IriODomh 22:50  ¶ Agus do bhuáil fear dhíobh searbhfhoghantuidhe a nárdshagairt, agus do bhean sé a chlúas dheas de.
Luke IriODomh 22:51  Achd do fhreagair Iósa agus a dubhairt, Fuilngidh go soithe so. Agus ar mbuáin ré na chluáis súd, do shlánuigh sé é.
Luke IriODomh 22:52  Agus a dubhairt Iósa ris na hardsagartaibh, agus úachdaráuibh an teampuill, agus na seinnsearaibh, tháinic chuige, An dtangabhair amach, le cloidhimhthibh agus le batuidhibh, amhuil chum bhiothainhnuigh?
Luke IriODomh 22:53  An tan do bhí me gach lá agaibh sa teampall, níor shineabhair lámha dhamh: achd a sí so bhar nuáirsi, agus cumhachda an dorchaduis.
Luke IriODomh 22:54  ¶ Achd ar mbreith airsion, rugadar léo é, go tigh an ardshagairt. Agus do lean Peadar a bhfad úadh é.
Luke IriODomh 22:55  Agus an tráth do lasadar teine ar lár na halla, agus so shuigheadar na timchioll a bhfochair a chéile, do shuidh Peadar catarra.
Luke IriODomh 22:56  Agus an tan do chunnairc cailín áirighe é na shuidhe ag an teinidh, ar bhfeachain go gér dhí air, a duabhaiet sí, Do bhi an fearso fós na fhochair súd.
Luke IriODomh 22:57  Agus do shéan seision é, ag rádh, A bhean, níor bhaithnidh damh é.
Luke IriODomh 22:58  Agus beagán na dhiáigh sin ar na fhaicsin do neach eile, a dubhairt sé, Agus is díobh súd thusa fós. Achd a dubhairt Peadar, A dhuine, ní díobh misi.
Luke IriODomh 22:59  Agus a dtimcheall áonuáire amháin na dhiáigh sin, do dhearbhuigh neach áirighe ele, ag rádh, Go firinneach do bhí an tési leis na fhochair súd: óir is Galiléeach é.
Luke IriODomh 22:60  Achd a dubhairt Peadar, A dhaine, ní bhfuil a fhios agam créd a deir tú. Agus ar an mball, an feadh do bhí sé ag labhairt, do ghoir an coileach.
Luke IriODomh 22:61  Agus ar gcasadh don Tighearna, dféuch sé ar Pheadar. Agus do chumhnigh Peadar ar chomrádh an Tighearna, cionnas a dubhairt sé ris, Suil ghoirfeas an coileach, séanfuidh tú mé trí huáire.
Luke IriODomh 22:62  Agus ar ndol amach do Pheadar, do ghuil sé go gér.
Luke IriODomh 22:63  ¶ Agus na dáoine do chuinnigh Iósa do rinneadar fonómhad fáoi, dá bhúaladh;
Luke IriODomh 22:64  Agus an tan do fholuigheadar é, do bhuáileadar a aghuidh, agus dfiafruidheadar dhe, ag rádh, Déana fáigheadóireachd, cía bhúail thú?
Luke IriODomh 22:65  Agus a dubhradar mórán do neithibh eile na aghaidh dhá mhaslughadh.
Luke IriODomh 22:66  ¶ Agus mar déirigh an lá, do chrinnigheadar sinnsir an phobuil, agus na hárdsagairt, agus na sgríobuidhe a bhfochair a chéile, agus tugadar eision chum a gcomhairle féin,
Luke IriODomh 22:67  Ag rádh, An tusa Críosd? innis dúinne. Agus a dubhairt seision riu, Má innisim dháoibh, ní chreidfidhe mé:
Luke IriODomh 22:68  Agus fós ma fhiafruighim í dhíbh, ní thiobhartháoi freagra oram, agus ní léighfi uáibh mé.
Luke IriODomh 22:69  Sam aimsir aig teachd biáidh Mac an duine na shuighe ar deis chumhachd Dé.
Luke IriODomh 22:70  Agus a dubhradar uile ris, mar sin an túsa Mac Dé? Agus a dubhairt seision riú, A deirthisi gur ab mé.
Luke IriODomh 22:71  Achd a dubhradarsan, Créd é an riachdanus fiadhnuisi atá oruinn feasda? óir do chúalamar féin as a bhéul féin é.