LUKE
Chapter 6
Luke | IriODomh | 6:1 | ¶ Agus tárla ag ghabháil trí ghortuibh dhósan, an dara sábboid taréis an cheud gur bheanadar a dheisciobáil déusa, agus tar éis a gcunnealta eidir a lámhuibh dhóibh, dúadar íad. | |
Luke | IriODomh | 6:2 | Achd a dubhradar cuid do na Pharisineachuibh ríu, Créd fa ndéuntáoi ní nach indéanta ann sa tsáoire? | |
Luke | IriODomh | 6:3 | Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, An né nár leughabhuirsi an ní so, do rinne Dáibhi, an tan do bhí ocrus air féin, agus ar an mhuinntir do bhí na fharradh; | |
Luke | IriODomh | 6:4 | Cionnus do chúaidh sé a sdeach go tigh Dé, agus do ghlac sé arán na fiaghnuisi agus a dúaigh sé é, agus tug sé fós don mhuinntir do bhí na fhochair é: noch nár choir ithe achd do na sagurtuibh amháin? | |
Luke | IriODomh | 6:6 | ¶ Agus tárla fós a sábbóid eile, go ndeachuidh seisean a sdeach don tsinagóg agus gur theaguisg sé: agus do bhí óglach ann sin agá raibh a lámh dheas ar na seargadh. | |
Luke | IriODomh | 6:7 | Agus do bhí coimhéud ag na sgríobuidhibh agus ag na Pharisineachuibh airsean, dá fhéuchuin an ndéanadh sé leigheas ann sa tsábbóid; do chum go bhfuighidís adhbar gearáin air. | |
Luke | IriODomh | 6:8 | Achd daithin seisean a smúaintighthe, agus a dubhairt sé ris an duine agá raibh an lámh sheargthuigh, Eirigh, agus seas a lar cháich. Agus do éirigh seision agus do sheas sé. | |
Luke | IriODomh | 6:9 | Ann sin a dubhairt Iósa ríusan, Fíafróchaidh misi dhíbhsi ní áirighe An cóir maith do dheanamh, nó olc dhéanamh sá tsábbóid? anum do shábháil, nó do sgrios? | |
Luke | IriODomh | 6:10 | Agus an tan do fhéuch sé orrtha uile na thimcheall, a dubhairt sé ris a nóglach, Sín amach do lámh. Agus do rinne seisean mar sin: agus do haiseagadh a lámh slán mar an lámh eile. | |
Luke | IriODomh | 6:11 | Agus do líonadh íadsan do chuthach; agus do lúaidheadar ré a chéile créd do dheunaidis ré Híosa. | |
Luke | IriODomh | 6:12 | ¶ Agus tárla ann sna láethibh sin, go ndeachuidh seisean amach ar shlíabh do dhéunamh úrnaighe, agus do chaith sé an oidhche ag guidhe Dé. | |
Luke | IriODomh | 6:13 | Agus ar néirghe don lá, do ghoir sé a dhesiciobail chuige: agus do thogh sé dhá fhéar dhéug asda, dár ghoir se absdail; | |
Luke | IriODomh | 6:14 | Simon, dár ghoir sé fós Peadar, agus Aindrías a dhearbhráthair, Séumas agus Eóin, Philip agus Bartoloméus, | |
Luke | IriODomh | 6:17 | ¶ Agus táinig sé a núas léo, agus do sheas sé ar mhachuire réidh, agus a choimhthionól deisciobail, agus mórán mór do phobal ó thír Iúdaighe uile agus ó Ierusalem, agus ó chois fairrge Thírus agus Shídon, noch tháinig deisdeachd leisin, agus dfagháil leighis ar a neasláintibh; | |
Luke | IriODomh | 6:18 | Agus a raibh ar ná gciorrbhadh ag spioraduibh neamhglana, agus do leighiseadh íad. | |
Luke | IriODomh | 6:19 | Agus do bhí an slúagh uile ag íarruidh cuimealta ris: óir do bhídh subhailce ag dul úadh, agus do shlánuidh sé iad uile. | |
Luke | IriODomh | 6:20 | ¶ Agus are dtógbháil a shúl súas dósan air a dheisciobluibh, a duiubhairt sé, As beannaighthe sibhsi a dháoine bochda: óir as libh flaitheas Dé. | |
Luke | IriODomh | 6:21 | As beannaighthe sibh a dháoine atá ocrach a nois: óir sáiséochthar sibh. As beannaighthe sibhsi cháoidheas a nois: óir do dhéuntáoi gáire. | |
Luke | IriODomh | 6:22 | As beannaighthe bheithí, an tráth fhúathóchuid dáoine sibh, agus chuirfid siad as a gcuideachda sibh, agus imdheargfuid sibh, agus chuirfid bhur nainm amach mar olc, ar son Mhic an duine. | |
Luke | IriODomh | 6:23 | Déunnidh gáirdeachus an lá sin, agus éirghidh a náirde ré lúthgháire: óir, féuch, as mór bhur lúaidheachd ar neamh: oír as mar sin do rinneadar a naithreacha ris na faibhibh. | |
Luke | IriODomh | 6:25 | As anáoibhinn dáoibh a dháoine atá sáitheach! óir biáidh ocras orúibh. As anáoibhinn dáoibh a dháoine atá a gáirighe a nois! óir cáoifidhe agus goilfidhe. | |
Luke | IriODomh | 6:26 | As anáoibhinn dáoibh, an tráth a déuruid na huile dháoíne mith ribh! óir as mar sin do rinneadar a naithreacha ris na fáidhibh fallsa. | |
Luke | IriODomh | 6:27 | ¶ Achd a deirim ribhsi atá ag éisdeachd, Grádhuighidh bhur námhuid, déunuidh maith don dreim air ar fúadh sibh, | |
Luke | IriODomh | 6:28 | Tabhruidh bhur mbeannachd don dreim mhalluigheas sibh, agus déunuidh urrnaíghe ar son na muinntire do ní bhur ndíoghbháil. | |
Luke | IriODomh | 6:29 | An té bhúaileas tú air a ngíall iompó chuige an gíall eile; agus an té bheanus do chlóca dhíot ná bac dhe do chíota fós a bhreith leis. | |
Luke | IriODomh | 6:30 | Agus tabhuir do gach neach íarrus ort; agus ón te thógbhás do chuid úait ná híarr air ais é. | |
Luke | IriODomh | 6:31 | Agus mar as toil libh dáoine do dhéunamh dhíbh, deunuidhsi mar an gcéudna dhóibhsin. | |
Luke | IriODomh | 6:32 | Oír má tá grádh aguibh don mhuinntir ghrádhuigheas sibh, créud é an buidheachus bhías oruibh? óir grádhuighid ná peacthuigh féin na dáoine ghrádhuigheas íad. | |
Luke | IriODomh | 6:33 | Agus má níthí maith don mhuinntir do ní maith dhíbh, créud é an buidheachus bhías oruibh? óir do níd na peachtuidh féin an gcéadna. | |
Luke | IriODomh | 6:34 | Agus dá dtugtháoi áirleagadh dona dáoinibh ó a sáoltí a fhagháil a rís, créud é an buidheachus bhias oruibh? óir do bheirid na peachthaidh áirleagadh do na peachthachaibh, do chum go bhfuighdís a leitheid a rís. | |
Luke | IriODomh | 6:35 | Ar a nadhbharsin grádhuighidh bhur námhuid, agus déunuidh maith, agus tabhruidh áirleaghadh úaibh, gan súil ré héinní arís; agus budh mór bhur lúaideachd, agus beithí bhur gcloinn ag an té as Airde: óir bí seisean cinealta les na dáoinibh dombuídheacha agus saithe. | |
Luke | IriODomh | 6:37 | Agus ná beiridh breath, agus ní bhéurthar breath oruibh: ná damnuighe, agus ní daiméontar sibh: maithidh, agus maithfithear dháoibh: | |
Luke | IriODomh | 6:38 | Tabhruidh úaibh, agus do bhéurthar dháoibh; agus do bhéuruid dáoine an bhur nnched, moisúr maith, dingthe, craithte agus ag dul thairis. Oír as lesi an miosúr an a dtoimhéosdáoi, toimhéosdar mar an gcéudna dháoibh. | |
Luke | IriODomh | 6:39 | Agus do labhuir se cosamhlachd ríu, An bhféudann an dall dhall eile dothreorigheadh? an ne neach duitdfid aráon sa díg? | |
Luke | IriODomh | 6:40 | Ní bhfuil an deisciobal ós cionn a mhaighisdir: achd gidh bé neach bhus diongmhála, bíaidh sé mar a mhaighisdir. | |
Luke | IriODomh | 6:41 | Agus créud fa a bhfaiceann tú an broth beag a súil do dhearbhráthar, agus nach dtugair dod aire an tsail atá ad shúil féin? | |
Luke | IriODomh | 6:42 | Nó cionnus as éidir leachd a rádh réd dhearbhrathair, A dhearbhrathair, léig dhamh an broth atá ad shúil do bháin aisde, agus nách bhfaiceann tú an tsail atá ad shuil féin? A fhir an dhúarchrábhuidh, ar tus teílg amach an tsail as do shuil féin, agus an sin bhus léir dhuit, an broth atá a súil de dhearbhráthar do bhúain aisde. | |
Luke | IriODomh | 6:43 | Oír ni maith an crann iomchras drochthoradh; agus ní holc an crann iomchras toradh maith. | |
Luke | IriODomh | 6:44 | Oír is ó a thoradh aitheantar gach uile chrann. Oír ní chruinnighid dáoine fígidhe do dheilgneach, na cáora fineamhna do dhriseach. | |
Luke | IriODomh | 6:45 | Do bheir an duine maith ní maith as cisde maith a chroidhe féin; agus do bheir an droch dhuine droch ní as droch chisde a chróidhe fein: oír is as iomarcuidh an chróidhe, labhrus an béal. | |
Luke | IriODomh | 6:46 | ¶ Achd créud fá ngoirthísi, A Thighearna, a Thighearna dhíomsa, agus nach déuntáoi na neithe a deirim? | |
Luke | IriODomh | 6:47 | Gach uile neach thig chugamsa, agus éisdeas rém bhríaththruibh, agus do ní dhá reir, foillséochuidh mé dháoibhsi cía ré ar cosmhuil é: | |
Luke | IriODomh | 6:48 | As cosmhuil é ré neach do thóg a thigh, agus do thochail, agus do chúaidh go domhuin a dtalumh, agus do chuir a shocrughadh ar charruig: agus mar tháinig an tuile, do bhúail an sruth go fíochmhar fán dtigh úd, achd níor bhéidir leis a chorrughadh: óir do bhí sé socrughthe ar charruig. | |