Site uses cookies to provide basic functionality.

OK
LUKE
Prev Up Next Toggle notes
Chapter 17
Luke IriODomh 17:1  Agus a dubhairt sé ris na deisciobluibh, Ní héidir nach dtíocfuid sgannalacha!: achd is trúagh don tí, tré a dtigid said!
Luke IriODomh 17:2  Do bfearr dhó cloch mhuilinn do chur fá na mhuinéul, agus a theilgean ann sa bhfairrge, ná áon don mhuinntir bhigsi sgannlachadh.
Luke IriODomh 17:3  ¶ Tabhraidh bhur naire dhíbh féin: Má pheacaigheann do dhearbhrathair ad aghaidh, imdhearg é; agus má ní sé aithrighe, tabhair maitheamhnus dó.
Luke IriODomh 17:4  Agus má pheacaigheann sé ad aghaidh seachd nuáire sa ló, agus go bhfillfe sé chugad seachd nuáire sa ló, ag rádh, Atá aithreachas oram; tabhair maitheamhnus dó.
Luke IriODomh 17:5  ¶Agus a dubhradar na heasbuil ris, A Thighearna, méuduigh ar gcreideamh.
Luke IriODomh 17:6  Agus a dubhairt an Tighearna, Dá mbeith oiread ghráinne musdaird do chreideamh aguibh, déaradh sibh ris a gcrann sicaminso, Eirigh as do fhréamhach, agus curthar an sa bhfairge thú; agus do umhlochadh sé dhaóibh.
Luke IriODomh 17:7  Agus cía aguibh, agá bhfuil searbhfhoghantuidhe a treabhadh no a coimhéd treada, lé a naibéoradh sé ar an mball, an tan do thiocfadh sé ón bhfearann, Imthigh agus suidh sios ar an bord?
Luke IriODomh 17:8  Achd a né nach aibéora sé ris, Ullmhuigh an ní íosas mé ar mo shuiper, agus cuir do chrios thort, agus fritheóil damhsa, no go nithe mé agus go nibhe mé; agus tar éisi sin ithsi agus ibh?
Luke IriODomh 17:9  An mbía buidheachas aige ar a tsearbhfhoghantuidhe úd do bhrigh go ndearna sé na neithe do haithneadh dhe? Ní shaóilim gormbía.
Luke IriODomh 17:10  Augs is mar sin dáoibhsi, an tan do dhéantaói gach uile ní dár haithniughadh dhíbh, abruidh, Is searbhfhoghantuidhe neamhtharbhacha sinn: óir do rinneamar an ni do bhi dfíachaibh oruinn do dhéanamh.
Luke IriODomh 17:11  ¶ Agus tárla, ag dul súas dó go Hierúsalém, gur ghabh sé sé tré lár na Samária agus na Galilé.
Luke IriODomh 17:12  Agus an tráth do chuáidh sé a sdeach go baile áirighe, tárladar deithneabhar fir lóbhar air, do sheas a bhfad úadh:
Luke IriODomh 17:13  Agus do árduigheadar a nguth, ag rádh, A Iósa, a Mhaighisdir, déana trócaire oruinn.
Luke IriODomh 17:14  Agus an tan do chunnairc sé íad, a dubhairt sé riu, Imthighidh foillsighidh sibh féin do na sagartuibh. Agus tárla, ag imtheachd doibhsion, gur glanadh íad.
Luke IriODomh 17:15  Achd fear aca, mar do chuinnairc sé é féin ar na shlánughadh, dfill sé air, ag moladh Dé do ghuth mhór,
Luke IriODomh 17:16  Agus do thuit sé ar a aghuidh agá chosaibhsean, ag breith bhuidheachais ris: agus budh Samaritánach an fearso.
Luke IriODomh 17:17  Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé, A né nach bhfuilid deithneabhar ar na nglanadh? agus a náonbhar cáit a bhfuilid?
Luke IriODomh 17:18  Níor frith ag filleadh do thabhairt gloíre do Dhía, achd an coigcrigheachso.
Luke IriODomh 17:19  Agus a dubhairt sé ris, Eirigh, imthigh romhad: do shlánuigh do chreideamh thú.
Luke IriODomh 17:20  ¶ Agus an tan dfiafruigh na Phairisinigh dhe, Cía an tráth thiocfadh riogháchd Dé, do fhreagair sé iád agus a dubhairt sé, Ní thiocfa rioghachd Dé récoimhéd.
Luke IriODomh 17:21  Agus ní aibheóruid said, Féuch ann so! nó, féuch ann súd! oír, féuch, atá ríoghachd Dé aguibh an bhus measg.
Luke IriODomh 17:22  ¶ Agus a dubhairt sé ré na dheisciobluibh, Tiocfuidh a naimsir, an a mbia míangus oruibh áon do laéthibh Mhic an duine dfaicsin, agus ní fhaicfithí.
Luke IriODomh 17:23  Agus a déarúid said ribh, Féuch ann so; nó, féuch ann so: achd ná himthigh, agus na leanuidh iád.
Luke IriODomh 17:24  Oír amhuil agus mar dheallruigheas an tinnteach, shoillsigheas ó náird go chéile fáoi neamh, is mar sín bhiás Mac an duine mart an gcéndna ann a lá féin.
Luke IriODomh 17:25  Achd is éigin dó ar tús mórán dfulang, agus a dhiultadh ón chineadhsa.
Luke IriODomh 17:26  Agus mar do tharla a laéthibh Náoi, is mar sin fós bhiás a laéthibh Mhic an duine.
Luke IriODomh 17:27  Do bhádar ag ithe, ag ibhe, ag posadh, agus ag tabhairt chum posda, gus an lá ann a ndeachaidh Náoi do náirc, agus táinic an dile, agus do sgris sí iád uile.
Luke IriODomh 17:28  Agus ar a nós gcéadna mar tharla a laéthibh Lot; do bhádar ag ithe, ag ibhe, ag ceannach, ag reic, ag plantugheadh, ag tógbhail tighthe;
Luke IriODomh 17:29  Achd an lá ann a ndeachaidh Lot amach as Sodom do fearadh teine agus ruibh ó neamh, agus do sgrios sé iúd uile.
Luke IriODomh 17:30  Is da réir so bhias ar an lá ann a bhfoillseochthar Mac an duine.
Luke IriODomh 17:31  Ann sa lá sin, an té bhiás a tigh, agus a mháoin ann sa tighsin, ná tuirlingeadh sé chum a dtógbhála: agus an tí atá ar an machaire, na casadh sé tar a ais mar an gcéadna.
Luke IriODomh 17:33  Gidh bé neach iárrfas a anam féin do shabháil caillfidh sé é; agus gidh bé chaillfeasa anam beodhfuidh sé é.
Luke IriODomh 17:34  A deirim ribh, béid diás a náoinleabaigh ann sa noidhche úd; geubhthar lé háon aca, agus fúighfighthear an fear eile.
Luke IriODomh 17:35  Beid diás ban ag bróinteórachd a náoinfheachd; géubhthar lé mnáoi aca, agus fuigfighthear an dara bhean.
Luke IriODomh 17:36  Beid diás fear ar an machaire; géubhthar lé háon aca, agus fuigfighthear an fear eile.
Luke IriODomh 17:37  Agus ar bhfreaga dhóibhsion a deirid ris, Gá háit, a Thighearna? Agus a dubhairt seision riú, Gidh bé ball a mbíu an corp, is ann sin fós chruinneochthar na hiolair.