Site uses cookies to provide basic functionality.

OK
LUKE
Prev Up Next Toggle notes
Chapter 23
Luke IriODomh 23:1  Agus ar néirghe dá ccoimhthional uile, rugadar chum Pioláid é.
Luke IriODomh 23:2  Agus do thionnsgnadar cúis do chuir air, ag radh, Fúramar an fearsa ag iompódh ar gcinidh, agus ag toirmeasg cíosa do thabhairt do Shéasar, ag rádh gur ab é féin Críosd an Rí.
Luke IriODomh 23:3  Agus a dfíafruidh Pioláid dhe, ag rádh, An tusa Rí na Níudaighe? Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ris, A deir tusa sin.
Luke IriODomh 23:4  Agus a dubhairt Píoláid ris na hárdsagartuibh agus ris an tslúagh, Ní fhaghaimsi cúis ar bith air a bhfearso.
Luke IriODomh 23:5  Achd do theannadarsan orrtham ag rádh, Buáidhridh sé an pobal, ag teagasg ar feadh thíre Iúdaighe uile, ag teasgasg ar feadh thíre Iúdaighe uile, ag tosughadh ón Ghalilé go soithe so.
Luke IriODomh 23:6  Agus mar do chúaluidh Píoláit teachd thar an Ngalilé, dfiarfruidh sé dhe nar Ghaliléeach é.
Luke IriODomh 23:7  Agus an tan daithin sé gur ab fá thumhachduibh Iornáth do bhí sé, do chuir sé ar ais é chum Iorúaidh, do bhí Níarusalém ann sna láethibh sin.
Luke IriODomh 23:8  ¶ Agus ar bhfaicsin Iósa Díoruáidh, do ghabh lúathgháire mhór é: óir do bhí fonn air ré fada eision dfaicsin, do bhrigh go gcúaluidh sé mórán air; agus do bhí dóchas aige go bhfaicfeadh sé comhtharra éigin ar na dhéanamh leis.
Luke IriODomh 23:9  Agus dfíafruidh sé mórán do cheasdannuibh dhe; achd ní thug seision freagra ar bith air.
Luke IriODomh 23:10  Agus do sheasadar na hárdsagairt agus na sgrióbuidhe ag déanamh casáoide air go dithchiollach.
Luke IriODomh 23:11  Achd tug Ioruáidh maille ré na luchd coguidh tarcuisne air, agus do rinneadar fonómhad fáoi chúireadar chum Píoláid a rís é.
Luke IriODomh 23:12  ¶ Agus an lásin féin, do rinneadh Ioruaith agus Píoláid na gcáirdibh dhá cheile: óir do bhádar na naimhdibh agá chéile roimhe sin.
Luke IriODomh 23:13  ¶ Agus ar ngairm na nárdsagart agus núachdarán, agus an phobuil do Phioláid,
Luke IriODomh 23:14  A dubhairt sé riu, Tugabhair chugamsa an duinesi, mar neach iompóidheas an pobal: agus, féuch, ar gceasdughadh ris damsha ann bhar bhfiadhnuisi féin, ní fhúair me coir ar bith ar an duine do na neithibh agá ndéantáoisi casáoid air:
Luke IriODomh 23:15  Agus fós, ní fhúair, Ioruáidh: óir do chuir mé chuige sibh; agus, féuch, ní dhearnuidh níar bith leis do thuillfeadh bás.
Luke IriODomh 23:16  Ar a nadhbharsin ar na smachdughadh, léighfidh mé uáim é.
Luke IriODomh 23:17  Oír dob éigean dí neach éigin do léigean amach dhóibh ann sa bhféasda.
Luke IriODomh 23:18  Achd do éigh an choimthionol uile, ag rádh, Beir uáinn an fearsa, agus sgáoil dúinne Barabbas:
Luke IriODomh 23:19  Do bhí ar na chur a bpriosún tré cheannairc áirighe, agus trí mharbhadh, do rinneadh ann sa chathraigh.
Luke IriODomh 23:20  Ar a nadhbharsin, do labhair Píoláid rín a rís, ar mbeith fonnmhar dhó ar Iósa léigean úadh.
Luke IriODomh 23:21  Achd do éimhgheadarsan, ag rádh, Croch é, croch é.
Luke IriODomh 23:22  Agus a dubhairt sé rín an treas uáir, Achd, créud é an tolc do rinne sé? ní fhuair mísi cúis bhais ar bith air: ar a nadhbharsin ar na smachdughadh, leigfidh mé amach é.
Luke IriODomh 23:23  Achd do sheasadarsan go cruáidh ná aghuidh lé gothannuibh móra, ag íarruidh eisiondo chrochadh. Agus do bhuaidheadar a ngóthasan agus gótha úachdarán na sagart.
Luke IriODomh 23:24  Agus rug Píoláid do bhreith an ní díarradarsan do dhéanamh.
Luke IriODomh 23:25  Agus do léig sé amach chuca an té do teilgeadh a bpriosún ar son cheannairce agus marbhtha, noch do íarradar; agus tug sé Iósa dhá dtoilsion.
Luke IriODomh 23:26  ¶ Agus an tan do rugadar léo é, ar mbreith ar Shiréanach áirighe, dar bhainm Simon, do bhí ag teachd ón túaith, do chuireadar an chroch air, dá hiomchara ndíaigh Iósa.
Luke IriODomh 23:27  Agus do lean cuideachda mhór don phobal, agus do na mnáibh é, do bhí fós ag gul agus dá cháoineadhsan.
Luke IriODomh 23:28  Agus ar bhfilleadh chuca a dubhairt Iósa, A ingheana Ierusaléim, ná guilidh ar mo shonsa, achd guilidh ar bhar son féin, agus ar son bhar gcloinne.
Luke IriODomh 23:29  Oír, féuch, tiochfuid na láethe, iona naibéoruid said, Is beannuighthe na mná seasga, agus na bronna nach ar thuismidh, agus na cíocha nach dtug bainne úatha.
Luke IriODomh 23:30  Ann sin thionnsganaid a rádh ris na sléibhtibh, Tuitigh oruinn; agus ris na cnocaibh, Folnighe sinn.
Luke IriODomh 23:31  Oír má níd síad na neithesi ris an crann úr, créd do dhéantar ris an ccríon?
Luke IriODomh 23:32  Agus fós tugadh días eile meirleach da ccur chum báis na fhochairsion.
Luke IriODomh 23:33  Agus an tan tanagadar do nionad dá ngoirthear Ait na cloigne, do chrochadar ann sin é féin, agus na meirligh, fear air a dheis, agus fear eile air a láimh chlé.
Luke IriODomh 23:34  ¶ Agus a dubhairt Iósa, A Athair, maith dhóibh; óir ní bhfuil a fhios aca créd do nid said. Agus an roinn a éaduighsion, do theilgeadar crannchar orthu.
Luke IriODomh 23:35  ¶ Agus do sheas an pobal ag fhéachain air. Agus do rinneadar na húachdaráin leis fonómhad fáoi maille ríusán, ag rádh, Dfóir sé ar dháoinibh eile; foireadh sé air féin, mas é so Criosd, do thogh Día.
Luke IriODomh 23:36  Agus fós do rinneadar na saighdiuirigh fonómhad fáoi, ag drud ris, agus ag tairgsin bhinéigre dhó,
Luke IriODomh 23:37  Agus ag rádh, Mas tusa rí na Níuduigheadh, fóir ort féin.
Luke IriODomh 23:38  Agus fós do bhí sgríbhneóireachd sgríobhtha ós a chionn do litreachabh Gréigis, agus Laidní, agus Eabhrias, A SE SO RI NA NIUDUIGHEADH.
Luke IriODomh 23:39  ¶ Achd do bhí áon do na meirleachaibh do crochadh dá mhaslughadh, ag rádh, Mas tú Críosd, fóir ort féin agus oruinne.
Luke IriODomh 23:40  Agus ar bhfreagra don fhear eile, do spreag sé é, ag rádh, A né nach bhfuil eagla Dé ort, agus tú fa áondhamnadh ris?
Luke IriODomh 23:41  Achd sinne go deimhin go ceart; (óir fúaramar na neithe do thuilleadar ar ngníomhartha): achd ní dhearna an tési olc ar bith.
Luke IriODomh 23:42  Agus a dubhairt sé ré Híosa, A Thighearna, cuimhnigh oransa an tan thiochas tú ad rioghachd féin.
Luke IriODomh 23:43  Agus a dubhairt Iósa ris, A deirim riot go firinneach, Go mbia tú am fhochair a niu a bpárrthas.
Luke IriODomh 23:44  ¶ Agus do bhí sé a dtimcheall an seiseadh húair, agus do rinneadh dorchadas ar an dtalamh uile gus a náomheadh húair.
Luke IriODomh 23:45  Agus do dhorchuigheadh an ghrían agus do briseadh brat roinnte an teampuill ann a lár.
Luke IriODomh 23:46  ¶ Agus ar néigheamh Díosa do ghúth mhór, a dubhairt sé, A Athair, táobham mo spiorad ann do lamhaibhsi: agus an tan a dubharit sé na neithesi, do chúaidh a spiorad ás.
Luke IriODomh 23:47  ¶ Agus an tráth do chunnaire an caiptíu an ni do rinneadh, tug sé glóir do Dhía, ag rádh, Go firinneach budh firéan an duinesi.
Luke IriODomh 23:48  Agus an pobal uile tháinic a náoinfheachd dá fhéachainsion, a núair do chunncadar na neithe do rinneadh ann, ag búaladh a nochda, do fhilleadar air a nais.
Luke IriODomh 23:49  Agus do sheasadar a dháoine aitheanta, a bhfád úadh, agus na mná do lean é ón Ghalilé, ag féachain ar na neithibhsi.
Luke IriODomh 23:50  ¶ Agus, féuch, tháinic fear dar bhainm Ióseph; do bhí na chomhairleach, na dhuine mhaith, agus na fhírean:
Luke IriODomh 23:51  Nach a áontaigh dhá gcomhairle ná dá ngníomh súd; ó Arimatéa cathair do thír Iúduighe: agá raibh suil fós ré rioghachd Dé.
Luke IriODomh 23:52  Ar ndul dó so chum Pioláid, díarr sé corp Iósa.
Luke IriODomh 23:53  Agus ar na bhúain a núas dó, do chuir sé linéadach na thimcheall, agus do chuir sé a dtúama do bhí ar na thochailt a gcarraic é, ann nach ar cuireadh áonduine roimhesion a ríamh.
Luke IriODomh 23:54  Agus do bé sin lá a nullmhuighthe, agus do bhí an tsabbóid ag druid ríu.
Luke IriODomh 23:55  ¶ Agus fós na mná, do lean é, agus tháinic leis ón Ghalilé, do chunncadar an túama, agus cionnas do bhí a chórpsan ar na chur.
Luke IriODomh 23:56  Agus ar bhfilleadh dhóibh dullmhuigheadar spíosruidhe deaghbhaluidh agus uinnímentighe; agus do chomhuuidheadar lá na sábhoide do réir na háithne.