Site uses cookies to provide basic functionality.

OK
LUKE
Prev Up Next Toggle notes
Chapter 24
Luke IriODomh 24:1  Agus an céadlá don tseachdmhuin, tangadar go romhoch ar maidin, chum an túama, ag tabhairt léo na neitheadh deaghbhaluidh dullmhuigheadar, agus mná áirighe eile maille ríu.
Luke IriODomh 24:2  Agus fúaradar an chloch ar na hiomlat ón túama.
Luke IriODomh 24:3  Agus ar ndul a sdeach dhóibh, ní fhúaradar corp an Tighearna Iósa.
Luke IriODomh 24:4  Agus tárla, gur ghabh úathbhás íad fán ní sin, agus féuch, do sheasadar días fear na naice a néaduighibh dealruightheacha:
Luke IriODomh 24:5  Agus ar na ngabháil eagla dóibsion, agus ar gcromadh a naighthe chum na talmhan, a dubhradarsan ríu, Créud fa níartháoi eidir na marbhuibh an lé atá beo?
Luke IriODomh 24:6  Ní bhfuil sé ann so, achd déirigh sé: cuimhnighidh mar a dubhairt sé féin ribh an feadh do bhí sé fós ann sa Ghalilé
Luke IriODomh 24:7  Ag rádh, Is éigin Mac an duine do thabhairt a lámhuibh dháoine peacthach, agus a chrochadh, agus a eiséirghe an treas lá.
Luke IriODomh 24:8  Agus do chuimhnigheadarsan ar a bhriathraibhsion,
Luke IriODomh 24:9  Agus ar bhfilleadh ón túama, dfoillsigheadar na neithesi uile don éineasbal dég, agus do cach eile uile.
Luke IriODomh 24:10  Achd a si Muire Mhaghalén, agus Iónna, afus Muire mathair Shéumais, agus na mná eile do bhí maille ríu, dinnis na neithesi do na heasbuil.
Luke IriODomh 24:11  Agus do cheasadarsan a mbríathra mar éadruime cheille, agus nior chreideadar dhóibh.
Luke IriODomh 24:12  ¶ Agus ar néirghe do Pheadar, do rioth sé chum an túama; agus an tan a dféuch sé a sdeach, do chunnairc sé an linéadach na luighe leis féin, agus dimthigh sé, ag déanamh iongantais leis féin fán ngíomhsa.
Luke IriODomh 24:13  ¶ Agus, féuch, do chúadar días diobhsan an lásin féin go baile atá trí fithchid sdáide ó Iérusalém, dar ab ainm Emmáus.
Luke IriODomh 24:14  Agus do bhádar ag labhairt eatarra féin ar na neithibhsi uile tarla ann.
Luke IriODomh 24:15  Agus tárla, ar mbeith ag comhrádh dhóibh agus ag ceasdúghadh ré chéile, go dtáinic Iósa féin, agus gur shiubháil sé léo.
Luke IriODomh 24:16  Achd do cungmhadh a súilesion, ionnus nach aitheonchaidís é.
Luke IriODomh 24:17  Agus a dubhairt sé ríu, Créd íad na comhraitesi air a bhfuiltí ag teachd cadruibh féin, ag siobhal dibh, agus sibh go bronach?
Luke IriODomh 24:18  Agus ar bhfeagra do neach díobh, dar bhainm Cléophas, a dubhairt sé ris, An bhfuil tusa ad áonar ad choigcrigheach a Niarusalém, agus gan fios na neitheann do rinneadh innte ann sna láethibhsi agad?
Luke IriODomh 24:19  Agus a dubhairt seision ríu, Créd iad na neithe? Agus a dubhradarsan ris, Na neither tháobh Iósa Nasardha, do bhí na fhaigh chumhachdach a ngniómh agus a mbreithir a bfiadhnuisi Dé, agus an phobuil uile:
Luke IriODomh 24:20  Cionnas tugadar na hárdsagairt, agus ar núachdarainne é chum breithe bháis do bhreith air, agus do chrochadar é.
Luke IriODomh 24:21  Achd do bhí ar súilne gur bheision an té dfuaisgéoladh Isráel: agus leith amuich dhíobh so uile, a sé níu an treas lá ó rinneadh na neithesi.
Luke IriODomh 24:22  Agus mar an gcéadna, mná áirighe dhínn féin tháinic go moch chum a túama, do chuireadar úathbhás oruinn;
Luke IriODomh 24:23  Agus mar nach bhfuaradar a chorpsan, tangadar, ag rádh, go bhfacadar féin fós taidhbhsi aingeal, a deir go bhfuil sé na bheathaigh.
Luke IriODomh 24:24  Agus do chuadar dream áirighe dhá rabh maille rinne chum an túama, agus fuaradar mar a dubhradar na mná: achd ní fhacadar eision.
Luke IriODomh 24:25  Agus a dubhairt seision riu, O a dhaoine amadánach agus mallchroidhtheach chum creidmhe dá gach éinni dar labhradar na fáighe!
Luke IriODomh 24:26  A né nar bhéigin do Chríosd na neithesi dfulang, agus dul a sdeach ann a ghlóir féin?
Luke IriODomh 24:27  Agus ar dtionnsgnadh ó Mháoisi agus ó na faighibh uile, do eidirmhínigh sé dhoibh ann sna huile sgriopturaibh na neither bhi dhá tháobh féin.
Luke IriODomh 24:28  Agus do dhruideadar ris an mbaile, ann a rabhadar ag dul: agus do léig seision air go rachadh sé ní is faide.
Luke IriODomh 24:29  Achd do choimhéignigheadarsan é, ag rádh, Fan aguinne, óir atá sé na thrath nona, agus is deireadh láoi atá ann. Agus do chúaidh se a sdeach dfuireach aca.
Luke IriODomh 24:30  Agus tárla, an tan do chuidh sé chum bí na bhfochair, ar mbreith ar a narán; go rug sé buidheachas, agus ar na bhriseadh, tug sé dhóibhsion é.
Luke IriODomh 24:31  Agus so hosgladh a súilesion, agus daithnidheadar eision; agus do tóghbadh as a namharc é.
Luke IriODomh 24:32  Agus a dubhradarsan eatarra féin, A né nach rabhadar ar gcroidhthe ar lasadh ionnuinn, an feadh do bhí sé ag labhairt rinn ar a tslighe, agus an tan do osguil sé dhuinn na sgrioptúiridh?
Luke IriODomh 24:33  Agus ar néirghe dhoibh ar a núairsin féin, dfilleadar go Híarusalém, agus fúaradar an téinfhear deúg cruinn a bhfochair a chéile, agus an dream do bhí maille ríu,
Luke IriODomh 24:34  Ag rádh, Déirigh an Tighearna go firinneach, agus taisbéanadh do Shíomón é.
Luke IriODomh 24:35  Agus dinnisiodarsan na neither do rinneadh ar a tslighe, agus mar do aithnidheadar é a mbriseadh a naráin.
Luke IriODomh 24:36  ¶ Agus agá labhairt so dhóibhsion, do sheas Iósa féin ann a lár, agus a dubhairt sé ríu, Siocháin maille ribh.
Luke IriODomh 24:37  Achd ar mbeith dhóibhsion ar crith agus lán deagla, do sháoileadar gur spiorad do chunncadar.
Luke IriODomh 24:38  Agus a dubhairt seision ríu; Créd fá bhduilti ar bhar mbúaidhreadh, agus créd fá a néirghid smúaintighe ann bhar gcroidhthibh?
Luke IriODomh 24:39  Feuchaidh mó lámha agus mó chosa, óir is misi féin atá ann: glacaidh, agus féuchaidh mé; oír ní bhfuil féoil na cnámha ag spioruid, mar do chithi agamsa.
Luke IriODomh 24:40  Agus an tan a dubhairt sé na neithesi do thaisbéin sé dhóibh a lámha agus a chosa.
Luke IriODomh 24:41  Achd ar mbeith míchreidmheach dhóibhsion fós tré gháirdeachas, agus ag déanamh iongantais, a dubhairt seision ríu, An bhfuil bíadh ar bith agaibh ann so?
Luke IriODomh 24:42  Agus tugadarsan do cuid díasg rósduighe, agus cuid do chír mheala.
Luke IriODomh 24:43  Agus ar na nglacadh dhósan, dúaidh sé na bhfiafhnuisision íad.
Luke IriODomh 24:44  Agus a dubhairt sé ríu, Ag so na briathar do labhair mé ribh, a núair do bhí mé fós bhar bhfochair, gur ab éigin na huile neithe atá sgríobhtha a reachd Mháoisi, agus ann sna fáighibh, agus ann sna salmuibh, am thimcheallsa do choimhlíonadh.
Luke IriODomh 24:45  Ann sin dosguil sé a ttuisge, ionnus go dtuigfidís na sgrioptúir,
Luke IriODomh 24:46  Agus a dubhairt sé ríu, Gur mar so do bhi sé sgríobhtha, agus gur mar so dob éigin do Chríosd fulang, agus éiseirghe ó mharbhuibh an treas lá:
Luke IriODomh 24:47  Agus aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadh do dheanmóir an ainm do na huile chinidheachuibh, ag tionnsguadh ó Iérusalém.
Luke IriODomh 24:49  ¶ Agus, féuch, cuirfidh misi gallamhun Mathar féin chugaibh: achd fanoidh a gcathair Iárusalém, no go gcuirthear cumhachda a núas umuibh.
Luke IriODomh 24:50  ¶ Agus rug sé amach go soithe Betánia íad, agus ar dtóghbháil a lámh, do bheannuigh sé íad.
Luke IriODomh 24:51  Agus tárla, ar mbeith dá mbeannughadh dho, gur sgaradh ríu é, agus gur tóghadh súas ar neamh é.
Luke IriODomh 24:52  Agus ar na onóruighadh dhóibhsean, dfilleadar go Híarusalém maille le gáirdeachus mór:
Luke IriODomh 24:53  Agus do bhídis do ghnáth ann sa teampoll, ag moladh agus ag beanughadh Dé. Amen.